Léachtaí Uí Chadhain Mórchnuasach in ómós do Mháirtín Ó Cadhain (1906–1970)

Editors
Liam Mac Amhlaigh
Caoimhín Mac Giolla Léith
Series
Aistí Léannta
ISBN 978-1-9162403-7-7
Cover Hardcover
Page count xvi + 688
Publication date 17 December 2020
Price €30.00

Cailleadh Máirtín Ó Cadhain (1906–1970), mórscríbhneoir an nuaphróis sa Ghaeilge, leathchéad bliain ó shin. Deich mbliana i ndiaidh a bháis, i 1980, cuireadh tús le sraith léachtaí bliantúla in ómós dó sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, sraith atá faoi lánseol i gcónaí. Dírithe ar phobal na Gaeilge trí chéile a bhí Léachtaí Uí Chadhain ón gcéad lá, bíodh nach beag an chomaoin atá curtha ag an tsraith ar léann na Gaeilge ó shin. Dhá thrá a bhí le freastal ó thús: athléamha a sholáthar ar shaol agus ar shaothar an Chadhnaigh agus athmhachnamh a dhéanamh ar na mórcheisteanna cultúrtha, sóisialta agus polaitiúla a bhí ag déanamh scime dó ar feadh a shaoil. Sa mhórchnuasach seo de na léachtaí ar fad a tugadh go dtí seo aimseofar an flosc agus an faobhar, an cur agus an cúiteamh, an saibhreas agus an ghaois agus, go háirithe, an ilchineálacht chéadach chéanna ba dhual do scríbhinní Uí Chadhain féin riamh.

Seo é an chéad leabhar sa tsraith ‘Aistí Léannta’ de chuid an inphrionta, Cló Léann na Gaeilge.

Editors

  • Liam Mac Amhlaigh

    Liam Mac Amhlaigh

    Scoláire nualitríochta agus foclóireachta is ea Liam Mac Amhlaigh atá ina léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad. Dochtúireacht bainte amach aige ar fhoclóireacht na Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus an leabhar Foclóirí agus Foclóirithe na Gaeilge (Cois Life, 2008) scríofa aige. É ag plé leis an nua-aoiseachas i nuafhilíocht na Gaeilge faoi láthair, filíocht Mhichael Davitt go háirithe.

  • Caoimhín Mac Giolla Léith

    Caoimhín Mac Giolla Léith

    Is Ollamh Comhlach é Caoimhín Mac Giolla Léith i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá mórán foilsithe aige thar na blianta ar ghnéithe éagsúla de litríocht na Gaeilge agus ar an ealaín chomhaimseartha.

Micreashuíomh gréasáin

Compánach leis an leabhar is ea an micreashuíomh seo, áit a gcruinnítear ábhar breise ilmheán a bhaineann le Léachtaí Uí Chadhain, taifeadtaí na gcainteanna ina measc.

leachtaiuichadhain.clo.ie

Keep in touch

Sign up to our mailing list

E-mail: clo@comhar.ie
Tel: +353 (0)1 675 1922

47 Harrington Street
Dublin 8
Éire

© Cló Léann na Gaeilge 2024

COMHAR Foras na Gaeilge