Léann na Sionainne

Eagarthóirí
Aengus Ó Fionnagáin
Gordon Ó Riain
Sraith
Aistí Léannta
ISBN 978-1-7392551-0-7
Clúdach Crua
Líon leathanach xxviii + 304
Dáta foilsithe 16 Márta 2023
Praghas €25.00

Sraith aistí atá san imleabhar seo a chuimsíonn réimsí ilghnéitheacha de Léann na Gaeilge ó ré na Nua-Ghaeilge Moiche anuas go dtí an lá atá inniu ann. I measc na n-ábhar a ndéantar plé orthu, tá an béaloideas, ceisteanna inscne, téacsanna leighis, filíocht na scol, an Fhiannaíocht, an t-amhrán liteartha san 18ú haois, filíocht na mban, an eagarthóireacht théacsúil, Oireachtas na Gaeilge agus an fhonnadóireacht, dánta Sheáin Uí Ríordáin agus ceisteanna fealsúnachta a bhaineann leo, agus sealbhú na Gaeilge in Éirinn agus in Albain.

Seo é an tríú leabhar sa tsraith ‘Aistí Léannta’ de chuid an inphrionta Cló Léann na Gaeilge.

Eagarthóirí

  • Aengus Ó Fionnagáin

    Aengus Ó Fionnagáin

    Ceann Ábhair ar Léann na Gaeilge in Ollscoil Luimnigh agus é ag léachtóireacht san ollscoil sin ó 2015. Chaith sé na blianta 2013-15 ina chomhalta taighde agus eagarthóireachta agus é ag obair ar na suíomhanna Logainm.ie & Ainm.ie in Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Déanann sé teagasc ar ghnéithe éagsúla de theanga agus litríocht na Nua-Ghaeilge agus tá cúrsaí tugtha aige ar an tsibhialtacht Cheilteach freisin. Logainmneacha na hÉireann an príomhréimse taighde atá aige agus tá sé ina chomhordaitheoir ar Thionscadal Ainmneacha Páirce na hIarmhí ó bhí 2018 ann. Tá ailt ar an logainmníocht foilsithe aige in Éigse: a journal of Irish studies, Ainm: a journal of name studies, agus i mbailiúcháin aistí éagsúla. Tá taighde ar bun aige i réimse na sochtheangeolaíochta stairiúla freisin, agus is é ‘The Irish language in Westmeath: 1600-1900’, in S. O’Brien (eag.) Westmeath history and society: interdisciplinary essays on the history of an Irish county (Baile Átha Cliath, 2022), 309-340, an foilseachán is deireanaí uaidh.

  • Gordon Ó Riain

    Gordon Ó Riain

    Léachtóir le Gaeilge i Scoil na Gaeilge, an Bhéarla agus na Cumarsáide in Ollscoil Luimnigh ón mbliain 2016 i leith, agus é ina Cheann Ábhair ar Léann na Gaeilge san ollscoil chéanna idir na blianta 2019 agus 2022. Chaith tréimhse ina chomhalta taighde i Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath (2012-16) agus, roimhe sin, thug seal in Ollscoil Uppsala na Sualainne (2009-12) ina léachtóir agus ina cheann ar Rannóg na dTeangacha Ceilteacha. Tá taighde agus teagasc ar bun aige i réimsí éagsúla de Léann na Gaeilge agus den Léann Ceilteach, go mórmhór i dteanga agus i litríocht na Nua-Ghaeilge Moiche. I measc a chuid foilseachán, tá Dá dTrian Feasa Fiafraighidh: Essays on the Irish Grammatical and Metrical Tradition (2017) agus Lorg na Leabhar: A Festschrift for Pádraig A. Breatnach (2019). Tá sé ina chomheagarthóir ar an irisleabhar Zeitschrift für celtische Philologie.

Bí ar an eolas

Cláraigh lenár liosta seachadta

Rphost: clo@comhar.ie
Teil: +353 (0)1 675 1922

47 Sráid Harrington
Baile Átha Cliath 8
Éire

© Cló Léann na Gaeilge 2024

COMHAR Foras na Gaeilge