Ó Chleamairí go Ceamaraí Drámaíocht agus Taibhealaíona na Gaeilge faoi chaibidil

Eagarthóirí
Éadaoin Ní Mhuircheartaigh
Róisín Ní Ghairbhí
Pádraig Ó Liatháin
Sraith
Aistí Léannta
ISBN 978-1-9196013-3-5
Clúdach Crua
Líon leathanach xxx + 342
Dáta foilsithe 20 Nollaig 2021
Praghas €25.00

Sa chnuasach úrnua seo faoi dhrámaíocht agus taibhealaíona na Gaeilge, gheobhaidh taighdeoirí, mic léinn, cleachtóirí agus an pobal ealaíne eolas ar ghnéithe éagsúla de scéal na drámaíochta. 

Tá aistí scolártha ann a thugann aghaidh ar ábhair ilchineálacha, idir dhrámaí agus díospóireachtaí aimsir na hAthbheochana agus cheisteanna comhaimseartha. 

Faightear léargas nua ar chompántais agus ar chleachtais ealaíne in aistí ar leith agus déantar cíoradh freisin ar ghnéithe éagsúla den fhilíocht agus den taibhfhilíocht. 

Ina theannta sin, cuirtear cuid de mhórchleachtóirí na drámaíochta Gaeilge faoi agallamh agus faightear cuntais ina bhfocail féin uathu ar a dtaithí mar oirfidigh, ar na roghanna ealaíne a bhain le tograí ar leith agus ar threo na drámaíochta faoi láthair.

Beidh an leabhar ina acmhainn bhuan agus ina spreagadh ag éinne ar spéis leo cúrsaí drámaíochta agus taibhléirithe.

Seo é an dara leabhar sa tsraith ‘Aistí Léannta’ de chuid an inphrionta Cló Léann na Gaeilge.

Eagarthóirí

  • Éadaoin Ní Mhuircheartaigh

    Éadaoin Ní Mhuircheartaigh

    Is léachtóir in Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, í Éadaoin Ní Mhuircheartaigh. Is iad na príomhréimsí spéise agus taighde atá aici ná na healaíona béil, an nualitríocht agus an drámaíocht. Ba í a thionscain an chomhdháil in 2017 a ghin an leabhar seo. 

  • Róisín Ní Ghairbhí

    Róisín Ní Ghairbhí

    Léachtóir i Roinn na Gaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach í Róisín Ní Ghairbhí. Tá taighde foilsithe aici ar ghnéithe ilchineálacha de litríocht agus de chultúr na Gaeilge, an drámaíocht san áireamh. Bhí Róisín mar chomhúdar ar an Straitéis ar Ealaíona Teangabhunaithe na Gaeilge, le Shane Grant agus Éamonn Costello.

  • Pádraig Ó Liatháin

    Pádraig Ó Liatháin

    Is léachtóir le Gaeilge é an Dr Pádraig Ó Liatháin in Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Is suim leis litríocht na Gaeilge ón seachtú haois déag go dtí an lá inniu. Tá taighde foilsithe aige ar Éamonn Mac Giolla Iasachta, ar shaothar Sheáin Uí Ríordáin, ar Dhonncha Rua Mac Conmara, agus ar an nGaeilge i Meiriceá Thuaidh.

Bí ar an eolas

Cláraigh lenár liosta seachadta

Rphost: clo@comhar.ie
Teil: +353 (0)1 675 1922

47 Sráid Harrington
Baile Átha Cliath 8
Éire

© Cló Léann na Gaeilge 2024

COMHAR Foras na Gaeilge