About Cló Léann na Gaeilge

Inphrionta acadúil is ea Cló Léann na Gaeilge (CLÓ) a fhoilsíonn saothair Ghaeilge ar an gcaighdeán idirnáisiúnta is airde. Foilsíonn CLÓ taighde piarmheasta ó gach réimse de léann na Gaeilge, trí mheáin chlóite agus leictreonacha éagsúla. Tá sé i gceist go mbeadh CLÓ mar bhonn agus mar thaca faoi thaighde agus scoláireacht na Gaeilge.

Tá sé mar aidhm ag CLÓ an dioscúrsa léannta a spreagadh agus a chothú trí ardán foilsitheoireachta a chur ar fáil do scoláirí ar fud na cruinne ar mian leo a gcuid taighde sa réimse thuasluaite a fhoilsiú i nGaeilge. Freagra ar an riachtanas le fearas nua foilsitheoireachta a chur i dtoll a chéile is ea CLÓ, ionas go mbeadh seachadadh scoláireacht agus taighde i Léann na Gaeilge slán sna blianta amach romhainn.

Togra tras-institiúideach Ollscoile is ea CLÓ i bpáirt leis an teach foilsitheoireachta COMHAR.

Cuirtear fáilte roimh dhréachtaí scolártha ar mian le scríbhneoirí a fhoilsiú sna blianta 2022 agus 2023. Féach ár leathanach eolais do scríbhneoirí.

Keep in touch

Sign up to our mailing list

E-mail: clo@comhar.ie
Tel: +353 (0)1 675 1922

47 Harrington Street
Dublin 8
Éire

© Cló Léann na Gaeilge 2024

COMHAR Foras na Gaeilge